We offer Irish Medium Education

Cuirimid Gaeloideachas ar fáil

Ceann de na príomhaidhmeanna atá ag Coláiste Bhríde is ea oideachas ardchaighdeánach a sholáthar do gach dalta sa chathair agus cinnte a dhéanamh go bhfuil leanúnachas cuí ann dóibh agus iad ag fágáil na mbunscoileanna éagsúla. Tá tríocha a sé dalta i mbliana 8-12 faoi láthair in Aonad na Gaeilge.

Cuirtear seacht n-ábhar ar fáil, chomh maith le clár tréadchúraim ina bhfuil rang foirme ar leith ann do na daltaí: 

  • Gaeilge

  • Fraincis 

  • Tíreolaíocht 

  • Creideamh 

  • Teicneolaíocht an Eolais 

  • Stair 

  • Foghlaim don Saol agus don Obair 

Cuirtear Matamaitic, Béarla, Eolaíocht, Ceol, Ealaín, Teicneolaíocht & Dearadh, Corpoideachas agus Eacnamaíocht Bhaile ar fáil trí mheán an Bhéarla in éineacht le daltaí eile ón bhliainghrúpa.

Tugtar tacaíocht do na daltaí agus spreagtar iad i rith an lae tríd an scoil ag foireann dhíograiseach a úsáideann cibé méid Gaeilge atá acu lena chinntiú go bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil agus le feiceáil mar theanga bheo ar fud na scoile. Déantar gach iarracht féinmhuinín, pearsantacht agus gnóthú na ndaltaí a chothú agus a fhorbairt agus iad ag Coláiste Bhríde agus táimid muiníneach go rachaidh Aonad na Gaeilge ó neart go neart sa scoil.

One of the main aims of St. Brigid’s College/Coláiste Bhríde is to provide a high standard of education for every pupil in the city and to ensure that there is relevant continuity for them as they transfer from the various primary schools. There are now thirty-six pupils in Years 8-12 in our Irish-Medium stream.

We offer seven subjects, as well as a Pastoral Care programme in which the pupils have their own form class, taught through the Irish-Medium Unit:

  • Irish 

  • French 

  • Geography 

  • Religious Studies 

  • ICT 

  • History 

  • Learning for Life & Work 

Mathematics, English, Science, Music, Art, Technology and Design, PE, and Home Economics are taught through the medium of English alongside the other pupils in the year group.

The pupils in the Irish-Medium Unit are supported and encouraged throughout the school day by an enthusiastic staff who use whatever Gaeilge they have to ensure that it can be heard and seen as a living language throughout the school. Every effort is made to promote and develop each pupil’s self-confidence, personality and attainment while they are at St Brigid’s College/Coláiste Bhríde and we are confident that our Irish-Medium Unit will go from strength to strength.